zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
17 June 2026
Cartlann na Céadaoine.
Inniu tá muid ag dul ar ais go dtí’n dara lá déag de mhí Iúil 1996. Thug Séamus Mac Géidigh cuairt ar an tiománaí Pat Mac Eamharcaigh agus é i mbun tástáil leis an charr railí thuas faoi Stáisiún Chaiseal na gCorr.
7 min
17 June 2026
Emma Ní Fhíoruisce Bainisteoir faoi Oiliúint Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Labhair Emma faoi na Campaí Samhraidh a bheas ar siúl sa Chrannóg i mbliana agus cad mar atá ag éirí léi ina ról úr mar bhainisteoir faoi oiliúint ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
4 min
17 June 2026
Aodh Ó Domhnaill Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann.
Tá Cumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann ag iarraidh ar rialtas na hÉireann díolúintí a lorg d’iascairí na tíre seo ó Chomhbheartas Iascaireachta an Aontais Eorpaigh mar gheall ar thuairimíocht go mbronnfar díolúintí ar an Íoslainn.
6 min
17 June 2026
An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir agus An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Dea scéala go bhfuil cead tugtha don druga Givinostat ag grúpa drugaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte & labhair siad linn faoi ócáid, atá eagraithe ag Sinn Féin, atá ar siúl i dTeach Laighean inniu, áit a mbeidh deis ag teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh labhairt le baill an Oireachtais.
11 min
17 June 2026
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5 min
16 June 2026
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
16 June 2026
Éamonn Mac Aoidh, cléireach an chúrsa de Rallaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall.
Cuirfear tús le ceann de na himeachtaí spóirt is mó in Éirinn ar an Déardaoin seo nuair a bhéas 200 de chriú ag tabhairt faoi 20 stáid thar 270 ciliméadar i Rallaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall.
16 min
16 June 2026
Seanie Ó Baoill ó Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann.
Labhair Seanie linn faoin togra ‘FARM-Up - Coimín Beo’ a seoladh ag ócáid a bhí ar siul in Ionad Pobail Dhún Lúiche inné.
5 min
16 June 2026
Laura Ní Dhomhnaill Oifigeach Margaíochta agus Turasóireachta in Ionad Cois Locha.
Beidh Trad Tráthnóna ar ais arís i mbliana in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche agus bhí Laura linn le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi na ceolchoirmeacha a bheas ag tarlú i mbliana.
4 min
16 June 2026
Pádraig Ó Beaglaoich Ceannasaí Mol Digiteach le hÚdarás na Gaeltachta.
Labhair Pádraig faoin lá oscailte a bhéas ar siúl in Gteic Ghaoth Dobhair ar an Déardaoin seo.
8 min